An Geimhreadh insna Riasca
- Gary Pratt
- Jan 7
- 4 min read
Updated: Jan 8

Tháinig an sneachta maidin inniu. Fógríodh é le cúpla lá so bhí muid ag tnúth leis. Faraor, níl a dhóthain sneachta againn anseo i Suffolk chun fir sneachta a thógáil, nó liathróidí sneachta a dhéanamh. Tá díomá ar na páistí atá ar saoire Nollag. Bíonn spórt agus scléip acu insan sneachta.
Fógraíodh do na seandaoine fanacht istigh mar tá sé baolach bheith amuigh le leac oighir ar na cosáin.
In ainneoin an fuacht amach liom ag siúl insna riasca, Carlton Marshes, atá ar chiumhais na Broads, congarach do Oulton Broad. Is Tír na n-Iontas é sa Geimhreadh; ceobhrán draíochtach fairsing ag crochadh thar clúdach éadrom an tsneachta nó an tsioc. Braoiníní greamaithe le gréasáin damháin alla ag glioscarnaigh faoi solas na gréine gheimhridh ar na sceacha loma; mo anál mar ghal ag éirí san aer fuar, glan.

Go deimhin, is Tír na n-Iontas é amuigh ar na riasca um Gheimhreadh. Níl duine ná deoraí le feiceáil. Níl ach le cloisteáil sa ciúineas doimhin ach ceoil na n-éan. Mothaíonn sé gur liomsa amháin na riasca fairsing.
D'fhéadfainn fanacht amuigh anseo go
deo faoina ndraíocht. Ach, Áfach, ainneoin bheith gléasta don aimsir fuar tá an fuacht
ag dul go smior ionam. Is mithid dom deoch te a fháil san Ionad Cuairteoiri.
Ag faire amach tríd an fhuinneog san Ionad, fós faoi draíocht ag an radharc, mo lámha fuara fillte timpeall ar cupán caife feicim dhá chúr rua ag fiach ar sciatháin sínte, ag snámh gan stró, gan saothar go hard sa spéir gan scamaill ar thóir na créatúiri beaga faoi cheilt san fhéar i bhfad thíos uathu.
Amuigh ar an mBroad tá géanna agus ealaí maorga ag snámh agus ag tumadh a gcinn ar thóir bia fo-uisce. Tá báid ag luascadh go suaimhneach san uisce airgeadach ag glioscarnaigh faoi solas geal na gréine gheimhridh.
Nuair a thiocfas arís bí cinnte go mbeidh mo bhins liom. Is iomaí rud atá le feiceáil sa Tír na nIontas álainn atá béal dorais dom.
Na Riasca L2

Tháinig an sneachta maidin inniu. Fógríodh é le cúpla lá so bhí muid ag tnúth leis. Faraor, níl a dhóthain sneachta againn anseo i Suffolk chun fir sneachta a thógáil, nó liathróidí sneachta a dhéanamh.
Tá díomá ar na páistí atá ar saoire Nollag mar bíonn spórt agus scléip acu sa sneachta. Fógraíodh do seandaoine fanacht istigh.
In ainneoin an fuacht, amach liom ag siúl insna riasca áitiúla, Carlton Marshes, atá ar chiumhais na Broads, congarach do Oulton Broad. Is Tír na n-Iontas é sa Geimhreadh; ceobhrán draíochtach ag crochadh thar clúdach éadrom sneachta; braoiníní greamaithe le gréasáin na damháin alla ag glioscarnaigh faoi solas na gréine gheimhridh; mo anál mar gal san aer fuar, glan na maidne.
Amuigh ar an mBroad tá géanna agus ealaí maorga ag snámh, agus báid ag luascadh go suaimhneach. Níl duine ná deoraí le feiceáil.
Feicim dhá chúr rua go hard sa spéir ag snámh gan stró ar sciatháin sínte, iad ag fiach ar thóir béile.
Is liomsa na riasca fairsing go léir. Tá sé an-fuar agus tá mo lámha reoite, in ainneoin mo lámhainní. Is mithid dom deoch te a fháil san Ionad Cuairteoiri. Nuair a thiocfaidh mé arís bí cinnte go mbeidh mo bhins liom.
The Marshes L2 (Béarla)
The snow came yesterday morning. It was forecast for a couple of days so we were expecting it. Alas, we haven't enough snow here in Suffolk to build a snowman or make snowballs.
The children, who are on Christmas holidays, are disappointed, because they have fun and games in the snow.
Old people were warned to stay indoors.
Despite the cold I went out walking in the local marshes, Carlton Marshes, that border the Broads near Oulton Broad. It is a Wonderland in the Winter, a magical mist hanging over the light snow covering. Little drops stuck to spiders webs glistening under the Winter sunlight. My breath like steam in the cold, pure, morning air.

Out on the Broad there are geese and majestic swans floating and boats swaying peacefully. There isn't a soul to be seen
I see two Red Kites high in the sky wings stretched floating effortlessly, hunting a meal
Truly, the wide open marshes are all mine. It is very cold and my hands are frozen, despite my gloves. I must get a hot drink in the Visitor Centre.
Na Riasca L3
Tháinig an sneachta maidin inniu.
Faraor, níl a dhóthain sneachta againn anseo i Suffolk chun fir
sneachta a thógáil, nó liathróidí sneachta a dhéanamh.
Tá díomá ar na páistí atá ar saoire Nollag. Bíonn spórt agus scléip acu sa sneachta.
Tá mé féin ag dul amach insna Riasca ag siúl mar is áit álainn é na Riasca sa Geimhreadh. Is Tír na -Iontas é.
Is iad Carlton Marshes na riasca atá congarach dom.
Tá na sceacha clúdaithe le sneachta, agus tá gréasáin damháin Alla i ngach áit.
Amuigh ar an mBroad tá géanna, ealaí agus báid. Feicim dhá chúr rua ag eitilt go hard sa spéir. Is iontach an radharc é.
THe Marshes L3 (Béarla)
The snow came today. Alas there isn't enough snow here in Suffolk to build a snowman
or make snowballs.
The children, who are on Christmas holidays, are disappointed.
They have lots of fun in the snow.
I myself am going out walking in the Marshes because the Marshes are
beautiful in Winter. It is a Wonderland.
The Carlton Marshes are the marshes near me.
The bushes are covered in snow. There are spiders webs everywhere.
Out on the Broad there are geese, swans and boats. I see two Red Kites flying high up in the sky. It is wonderful sight.
Comments