Geimhreadh ar an Abhainn Cd.1
- Padraig de Baroid
- Jan 15
- 4 min read
Winter on the River Prt. 1
Bunleibhéal
Nuair a bhog muid go Beccles deich mbliana ó shin
cheannaigh mé mo bhád.
'Sé 'Little Lottie' ainm an bháid. B'shin an t-ainm a tháinig léí. I dtosach bhí sé ar intinn agam a h-ainm a athrú go h-ainm Gaelach, ach, diaidh ar ndiaidh, d'fhás 'Little Lottie' orm.
Anois sa Gheimhreadh is Tír na n-Iontas é an abhainn. Go deimhin, tá sé an-fuar ach is buntáiste mór é sin domsa. Nuair a théim amach ar an abhainn is liomsa go huile is go hiomlán í.
Níl áit níos fearr ar an Domhan a bheith ann ná ar an abhainn Alainn seo.

Bunleibhéal Béarla
When we moved to Beccles ten years ago I bought my boat.
Little Lottie is the name of the boat. That is the name that came with her. At first I was of a mind to change the name to an Irish name, but bit by bit 'Little Lottie' grew on me.
Now in Winter the river is a 'Wonderland'.
It is very cold but that is an advantage for me. When I go out on the river it is completely mine.
There is nowhere in the World better to be than on this beautiful river.
Meánleibhéal
Nuair a bhogamar go Beccles deich mbliana ó shin
cheannaigh mé mo bhád. Tá Beccles cois Abhainn Waveney, ceann d'aibhneacha na Broads theas. Ba sheans dom mo bhád féin a bheith agam in áit feiliúnach don Abhainn Tá grá mór agam don bád céanna, Shetland 4. 'Sé 'Little Lottie' ainm an bháid. B'shin an t-ainm a tháinig léí. I dtosach bhí sé ar intinn agam a h-ainm a athrú go h-ainm Gaelach, ach diaidh ar ndiaidh d'fhás 'Little Lottie' orm so is 'Little Lottie' í. I slí éigeann feileann sé di.
Anois sa Gheimhreadh is 'Tír na n-Iontas' é an abhainn. admháilim go bhfuil se an-fuar amuigh ar an abhainn ach is buntáiste mór é sin domsa. Nuair a théim amach is liomsa í go huile is go hiomlán. Tá a formhór de bháid múráilte agus feistithe don Geimhreadh. Is beag duine a bheidh ar an abhainn go dtí teacht an Earraigh.

Fágaim an bádchlós go ciúin gan fuadar. I gcionn cúpla neomat bím amuigh ar an abhainn mór, inneall ciúin, beagnach ar tick over, mar ní maith liom an fiadhúlra faoi na bruacha a chorraí.
De ghnáth, anseo is ansúd, bíonn iascaire faoi scáth fearrthainne ina shuí go ciúin foighneach. Téim leathan thart, cúramach gan a uisce a chorraí.
Níl áit níos fearr ar an Domhan a bheith ná ar an abhainnn alainn seo.
Anois is arís cím bád Maoirseora ag patróil na mBroads.
Meánleibhéal Béarla
When we moved to Beccles ten years ago
I bought my boat. Beccles is a town on the River Waveney, one of the rivers of the Southern Broads. It was a chance to have my own boat near the river. I love my boat, a Shetland 4. She is called 'Little Lottie'. That was the name she came with. At the beginning I was of a mind to change the name to a Gaelic name, but, bit by bit, 'Little Lottie' grew on me so 'Little Lottie' she is. Somehow it suits her.
Now in Wintertime the River is a 'Wonderland. Of course, it is very cold, but that has benefits for me. When I go out on the river it is completely mine. Most boats are moored up and covered for the Winter so I have the river all to myself. I am not in a hurry so I keep my engine just on tick over so as not to disturb wildlife in the riverbanks.
I leave the boat yard quietly and without hurry. In moments I am out on the main river, the engine quiet because I don't want to disturb the wildlife under the river banks.
Usually, here and there is a fisherman under an umbrella sitting quietly and patiently. I pass by wide not to disturb his water.
There is no place better to be in the World than on this beautiful river.
Ardleibhéal
Nuair a bhogamar go Beccles deich mbliana ó shin
Cheannaigh mé mo bhád. Tá Beccles cois Abhainn Waveney, ceann d'aibhneacha na Broads theas. Ba sheans dom mo bhád féin a bheith agam in áit congarach don Abhainn. Tá grá mór agam don bád céanna, Shetland 4. 'Sé 'Little Lottie' ainm an bháid. B'shin an t-ainm a tháinig léí. I dtosach bhí sé ar intinn agam a h-ainm a athrú go h-ainm Gaelach, ach diaidh ar ndiaidh d'fhás 'Little Lottie' orm so is 'Little Lottie' í. I slí éigeannfeileann sé di.
Mar a dúirt mé cheanna, tá cónaí orm cois na h-abhann, a bheag nó a mhór. Níl mé ach cúig neomat uaithi. Is féidir liom bheith ar an abhainn aon uair is maith liom.
Anois sa Gheimhreadh is Tír na n-Iontas é. Go deimhin, tá sé an-fuar ach is buntáiste mór é sin domsa. Nuair a théim amach ar an abhainn is liomsa go huile is go hiomlán í. Tá a formhór de bháid múráilte agus feistithe don Gheimhreadh. Is beag duine a bheidh ann go dtí teacht an Earraigh.
Fágaim an bádchlós go ciúin gan fuadar. I gcionn cúpla neomat bím amuigh ar an abhainn mór. Coimeádaim an t-inneall ciúin, beagnách ar tick over, mar ní maith liom an fiadhúlra faoi na bruacha a chorraí.
Is iomaí rud atá le feiceáil. Druideann na géanna go socair go dtí an bád ag déircíneacht aráin.
Tá lachan, cearc cheanann, cearc uisce, foitheach ag druidim go háirdeallach faoi na bruacha.
Is cuimhin liom an chéad cruidín a chonaic mé - splannc daite gormghlas ag tumadh faoin uisce ar thóir éisc.

De ghnáth bíonn iascaire faoi scáth fearrthainne ina shuí go ciúin foighneach. Téim leathan thart, cúramach gan a uisce a chorraí. Is linn araon an abhainn álainn, agus ní mór dúinn a bheith measúil.
Inniu sa spéir ós cionn tá péire cúir rua, i bhfad uaim tá cromán móna. Tá flúirse d'éin chreiche amuigh insna riasca mórthimpeall.
Níl áit níos fearr ar an Domhan a bheith ná ar an abhainn álainn seo.
Anois is arís cím bád Maoirseora ag patróil.
Ardleibhéal foclóir
cearc cheanann = coot; cearc uisce = water hen; foitheach = grebe;
cromán móna = marsh harrier; éan chreiche = bird of prey
Comments